Rang 2
Cúpla paidreacha ó Rang 2
An Fhaoistin Choiteann
Admhaím do Dhia uilechumhachtach
agus daoibhse a bhráithre,
Gur pheacaigh mé go trom,
Le smaoineamh agus le briathar,
Le gníomh agus le faillí,
Trí mo choir féin, trí mo choir féin,
Trí mo mhórchoir féin,
Ar an ábhar sin,
Impím ar Naomh Mhuire síor-ógh,
Ar na haingil agus ar na naoimh,
Agus oraibhse a bhráithre,
Guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
An Gníomh Dóláis
A Dhia,gabhaim buíochas leat as ucht do ghrá dom,
Tá brón orm faoi mo pheacaí uile,
Nach raibh grá agam duit ná do dhaoine eile,
Cabhraigh liom a bheith ar nós Íosa,
Agus gan peaca a dhéanamh arís,
Áiméan.
Paidir ag iarraidh Maithiúnais
A Dhia, ár nAthair, cabhraigh liom
Cuimhneamh ar na huaireanta
nár mhair mé mar a d'iarr Íosa orm.
Cabhraigh liom brón a bheith orm
agus iarracht eile a dhéanamh. Áiméan.
Paidir tar éis Maithiúnais
A Dhia, ár nAthair, go raibh maith agat faoi mhaithiúnas a thabhairt dom.
Cabhraigh liom grá a thabhairt do dhaoine eile.
Cabhraigh liom maireachtáil mar a d'iarr Íosa orm. Áiméan.
Cúpla Dán agus Amhráin ó Rang 2
Lúlú
Tá Lúlú an-mhíneata,
Is cailín salach í,
Ní ghlacann Lúlú folcadh,
Ní maith liom é ar sí.
Tá lámha Lúlú salach,
Tá fiacla Lúlú dubh,
Tá bríste Lúlú stróicthe,
'S clúdaithe le Subh.
Cíorfaidh mé do ghruaig duit,
A Lúlú arsa Daid,
Thosaigh sé ag cíoradh,
'S tháinig sé ar nead !
Méabh Bhocht
Bhí Méabh bhocht ag caoineadh,
Is ag déanamh olagóin,
Mar Sciorr sí ar bhanana,
Agus ghortaigh sí a tóin.
Ach bhí Mam an-chineálta,
Agus leigheas sí a brón.
Le Barra mór seacláide,
A thug sí di roimh lón.
Hey Diddle diddle
Hey Diddle diddle,
A whale did a widdle,
All over the classroom floor,
The giraffe just laughed,
To see such fun,
And the boar did a little bit more !
Is é an Tiarna m'Aoire
Is é an Tiarna m'Aoire,
A thugann aire dom,
Tá aisling lán de ghrá aige dom,
Aisling lán de ghrá,
Treoraíonn sé mé.
Cuid den am is mé tuirseach,
Faoi ghruaim nó liom féin,
Imíonn na deora uaimse,
Le fáilte mhór romhat fein
Treoraíonn tú mé.
Tugann tú dom bia,
Beannaíonn tú mé gach lá,
Iarrann tú orm suí go deo
I do bhaile féin go sámh.
Treoraíonn tú mé.
|