Rang 3Dánta ó Rang 3
An Deireadh Seachtaine
Is maith liom an deireadh seachtaine
Mar bíonn sos agam ón scoil,
Fanaim im 'shuí san oíche,
Gan obair bhaile, le do thoil.
Féachaim ar an teilifís,
Má éirímse go moch,
Ach b'fhear liom go mór mo ríomhaire
Má bhíonn an aimsir fliuch.
Taitníonn an chispheil liom,
Le mo chairde roimh am lóin,
Ach is fearr liom cluiche peile leo,
Uair éigin san iarnóin.
Ní maith liom am leadóg
Mar ní cluiche foirne é,
B'fhearr liom bheith im' pheileadóir
Is beidh, le cúnamh Dé.
Siopa na scoile
'Ba mhaith liom cóipleabhar le do thoil,
An bhfuil ceann agat sa stór?'
'Tá leabhair dhifriúla agam anseo,
Ar mhaith leat ceann beag nó mór'?
'Cén praghas atá ar an gceann beag?'
'Níl sé sin ach fiche a trí'.
'Tá mo dhóthain airgid agam, mar sin,
Tabhair dom,le do thoil, ceann buí.
'Cé mhéad an ceann mór le do thoil?
Nó an bhfuil sé an-daor?'
'Caoga cent an praghas atá air'
'Níl dóthain agam faraor'.
'Seo duit an ceann beag buí anois,
An bhfuil tú sásta go leor?'
'Tá mé, go raibh maith agat,
Slán agat, a shiopadóir'.
An Chré
Creidim in aon Dia amháin
An tAthair uilechumhachtach
a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe
Agus in aon Tiarna amháin,Íosa Críost
aon-mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas o sholas, fíorDhia ó fhíorDhia,
an Té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d'aon substaint leis an Athar,
Is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na, an cine daonna, agus
ar son ár slánaithe, thuirling sé ó neamh.
Ionchllaíodh le cumhacht an Spiorad
Naoimh é i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son,
d'fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit
agus adhlacadh é
D'aiséirigh an treas lá de réir na scrioptúr,
chuaigh suas ar neamh, tá ina shuí
ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo
agus ar mhairbh
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac,
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa,
chaitliceach,aspalda.
Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
Áiméan.
|